Fáilte go Paróiste Bhearna & na bhForbacha
Information / Sonraí
- Parish Priest / Sagart Paróiste: an t-Ath Micheál Ó Braonáin
- Mobile: 086-8338878 / Email: miclbrennan3@gmail.com
- Parish Secretary:Joan Concannon 087-2138999
- Parish Office/Oifig an Paróiste: (091)590956 10am-2pm, Mon-Fri
- Radio FM 106.6 (signal not available in every part of the parish).
- Barna live broadcast: https://www.churchtv.ie/barna/
- Furbo live broadcast: https://www.churchtv.ie/furbo/
- Readings: click here for today; click here for next Sunday
- Léachtaí as Gaeilge - an lá inniu; an Domhnach
- NEW: contribute new/unused items to the charity Módh Éile this Christmas - details here.
- Adoration page (Blessed Sacrament and Mary Immaculate Queen prayer). Also galleries of Bearna Church,& Séipéal Réalt na Mara.
- Prayers (click here) and Poem Reflections click here.
- Accord Catholic Marriage Care Service.
Diocese of Galway, Kilmacduagh & Kilfenora

DOMHNACH NA PÁISE A
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 21:1-11
Nuair a bhí siad tagtha cóngarach do Jerusalem, agus Betfigí sroichte acu, ag Cnoc na n-Ológ, chuir Íosa beirt deisceabal chun bealaigh, á rá leo, ‘Téigí isteach sa mbaile údaí ar bhur n-aghaidh amach, agus ar an bpointe gheobhaidh sibh láir asail ceangailte, agus bromach searraigh in éineacht léi; scaoiligí iad agus tugaigí anseo chugam iad. Má abraíonn aonduine aon cheo libh, níl oraibh ach a rá, “Tá graithe ag an Tiarna díobh agus cuirfidh sé ar ais iad gan mórán moille.”’ Tharla sé seo le go dtiocfadh a raibh ráite tríd an bhfáidh isteach fíor,
‘Abraigí le iníon Zion:
Breathnaigh ar do rí ag teacht chugat,
umhal agus ag marcaíocht ar asal,
ar bhromach de shearrach asail.’
D’imigh na deisceabail agus rinne siad mar a d’ordaigh Íosa dóibh; thug siad leo an t-asal agus an bromach, agus scar siad a gcuid cótaí orthu agus chuaigh sé ag marcaíocht orthu. Agus scar slua an-mhór a gcuid cótaí ar an mbóthar, agus ghearr tuilleadh acu géagáin de na crainnte agus scar siad ar an mbóthar iad. An slua a bhí ag dul roimhe agus ag teacht ina dhiaidh, bhí siad ag glaoch,
‘Hosanna do Mhac Dháithí!
Is beannaí an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!
Hosanna sna flaithis thuas!’
Nuair a chuaigh sé isteach i Jerusalem, bhí an baile mór uileag ina chíor thuathail agus ag fiafraí, ‘Cé h-é seo?’ Agus bhí na sluaite ag rá, ‘Seo é an fáidh Íosa, as Nazaret i nGaililí.’
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as litir N. Pól chuig na Filipigh - 2:6-11
Cé go raibh nádúr Dé in Íosa Críost,
níor shantaigh sé fanacht ar chomh-chéim le Dia,
ach d’fholmhaigh sé é fhéin
go nglacach sé nádúr an sclábhaí
agus go dtiocfadh sé ar an saol mar dhuine daonna.
Agus mar dhuine daonna dó,
d’ísligh sé é fhéin
agus bhí sé umhal go bás,
bás ar chrois, fiú amháin.
Sin é an fáth ar ardaigh Dia é os cionn chuile dhuine,
agus ar thug sé dó an t-ainm atá ós cionn chuile ainm,
sa gcaoi nuair a déarfaí ainm Íosa
go gcromfadh chuile ghlúin
ar neamh agus ar talamh agus faoin talamh,
agus go n-abródh chuile theanga
in ómós do Dhia
gurb é Íosa Críost an Tiarna.
Sin é Briathar Dé.Páis ár dTiarna Íosa Críost de réir N. Maitiú – 26:14-27:66
Scéalaí: Chuaigh duine den dáréag, a raibh Giúdás Iscariot mar ainm air, go dtí na príomh-shagairt agus dúirt sé,
Giúdás: Céard a thabharfaidh sibh dom má thugaim suas daoibh é?
Scéalaí: D’íoc siad tríocha píosa airgid leis. Agus ón nóiméad sin amach thosaigh sé ag faire ar a dheis le é a bhrath.
Ar an gcéad lá den Arán gan Gabháil tháinig na deisceabail go dtí Íosa, ag rá,
Deisceabail: Cén áit gur mhaith leat go ndéanfadh muid réiteach duit leis an
gCáisc a ithe?
Scéalaí: Dúirt sé,
Íosa: Téigí isteach sa mbaile mór go dtí a leithéid seo de dhuine, agus abraigí leis, ‘Deireann an Múinteoir, “Tá mo am i ngar; coinneoidh mé an Cháisc i do theach-sa in éineacht le mo chuid deisceabail.”’
Scéalaí: Rinne na deisceabail de réir mar bhí ordaithe ag Íosa dóibh, mar sin, agus réitíodar béile na Cásca.
Nuair a bhí sé ina thráthnóna, thóg sé a áit in éindigh leis an dáréag, agus nuair a bhí siad ag ithe, dúirt sé,
Íosa: Tá mé ag rá libh, dháiríre, tá duine agaibh le mé a bhrath.
Scéalaí: Ghoill sé seo go mór orthu agus thosaigh siad ag rá leis, ina nduine is ina nduine,
Deisceabail: Ní féidir gur mise é, a Thiarna, an mé?
Scéalaí: D’fhreagair sé,
Íosa: An té a thum a lámh sa soitheach liom, braithfidh sé mé. Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa faoi, ach is mairg don té a bhraithfidh Mac an Duine! B’fhearr don té sin nach mbéarfaí riamh é.
Scéalaí: Giúdás, an té a bhraith é, dúirt sé,
Giúdás: Ní féidir gur mise é, a Mháistir, an mé?
Scéalaí: D’fhreagair seisean,
Íosa: Tá sé ráite agat.
Scéalaí: Nuair a bhíodar ag ithe, thóg Íosa cáca aráin, agus tar éis dó é a bheannú, bhris sé é, thug sé do na deisceabail é, agus dúirt sé,
Íosa: Tógaigí, ithigí; seo é mo chorp.
Scéalaí: Ansin thóg sé cupán, agus tar éis dó buíochas a ghlacadh thug sé dóibh é, ag rá,
Íosa: Ólaigí uileag as; mar seo í mo chuid fola, fuil an t-socrú nua, atá doirte amach ar son go leor le h-aghaidh maiteanas peacaí. Tá mé ag rá libh, ní ólfaidh mé sú seo na fíniúna níos mó go dtí an lá sin a n-ólfaidh mé ina fhíon nua é in éindigh libh i ríocht m’Athar.
Scéalaí: Tar éis dóibh amhrán beannaí a rá, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na n-Ológ. Ansin dúirt Íosa leo,
Íosa: Éalóidh chuile dhuine agaibh libh mar gheall ormsa anocht, mar tá sé scríofa, ‘Buailfidh mé an tréadaí, agus tiocfaidh scaipe ar an tréad.’ Ach nuair a bheidh mé tógtha suas, gabhfaidh mé romhaibh go Gaililí.
Scéalaí: Dúirt Peadar leis,
Peadar: Fiú amháin má éalaíonn chuile dhuine leo i ngeall ort, ní thréigfidh mise thú go brách.
Scéalaí: Dúirt Íosa leis,
Íosa: Tá mé ag rá leat go fírinneach, anocht fhéin, sul a nglaofaidh an coileach, séanfaidh tú mé trí h-uaire.
Scéalaí: Dúirt Peadar leis,
Peadar: Fiú amháin dá gcaithfinn bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.
Scéalaí Agus dúirt na deisceabail uileag an rud céanna.
Ansin chuaigh Íosa in éineacht leo go dtí áit a dtugtar Getseminé air; agus dúirt sé lena chuid deisceabail,
Íosa: Suígí anseo nó go ngabhfaidh mé anonn ansiúd thall ag guive.
Scéalaí: Thug sé leis Peadar agus beirt mhac Zebede, agus tháinig ualach air agus buaireamh intinne. Dúirt sé leo ansin,
Íosa: Airím fíor-dhroch ualach, ualach go bás; fanaigí anseo, agus fanaigí in bhur ndúiseacht in éindigh liom.
Scéalaí: Agus chuaigh sé sall píosa beag eile, agus chaith sé é fhéin ar an talamh agus ghuiv sé,
Íosa: A Athair liom, más féidir é, téadh an cupán seo tharam; ach mar sin fhéin, ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.
Scéalaí: Ansin tháinig sé go dtí na deisceabail agus fuair sé ina gcodladh iad; agus dúirt sé le Peadar,
Íosa: An ea nár fhéad sibh fanacht in bhur ndúiseacht liom ar feadh uair a chloig fhéin? Fanaigí in bhur ndúiseacht agus guivigí nach dtitfidh sibh i gcathú; tá an spiorad toilteanach, ach tá an fheoil lag.
Scéalaí: D’imigh sé arís den dara h-uair agus ghuiv sé,
Íosa: A Athair liom, mara bhfuil sé seo in ann dul tharam gan mé á ól, go ndéantar do thoil.
Scéalaí: Tháinig sé arís agus fuair sé ina gcodladh iad, mar bhí a gcuid súile trom. D’fhág sé arís iad, mar sin, agus d’imigh sé agus ghuiv sé den tríú h-uair, ag rá na bhfocla céanna. Ansin tháinig sé go dtí na deisceabail agus dúirt sé leo,
Íosa: An bhfuil sibh in bhur gcodladh fós agus ag tógáil bhur scíth?
Breathnaigí, tá an uair ar fáil, agus tá Mac an Duine tugtha isteach i lámha peacaigh. Éirigí, fágaigí seo. Breathnaigí, tá an té a bhrath mé ar fáil.
Scéalaí: Ní raibh an focal as a bhéal nuair a tháinig Giúdás, duine den
dáréag. In éindigh leis bhí slua mór a raibh claimhte agus maidí acu, ag teacht ó na príomh-shagairt agus ceannairí an phobail. Anois bhí comhartha tugtha ag an mbrathadóir dóibh, á rá,
Giúdás: An té a phógfaidh mé, sin é é; tógaigí é.
Scéalaí: Ar an bpointe tháinig sé anall go dtí Íosa agus dúirt sé,
Giúdás: Sé do bheatha, a Mháistir!
Scéalaí: agus phóg sé é. Dúirt Íosa leis,
Íosa: A chara, déan an rud a thug anseo thú.
Scéalaí: Ansin tháinig siad agus fuair siad greim air lena gcuid lámha agus thóg siad é. Go tobann, duine díobh seo a bhí in éindigh le Íosa, chuir sé a lámh ar a chlaimh, tharraing sé í, agus thug sé iarradh do sheirbhíseach an ard-shagairt gur bhain sé an chluas de. Ansin dúirt Íosa leis,
Íosa: Cuir do chlaimh ar ais ina h-áit; mar aonduine a bhíonn ag plé
leis an gclaimh, marófar leis an gclaimh é. An gceapann tú nach bhfuil mise in ann é a iarradh ar m’Athair, agus nach gcuirfeadh sé chugam ar an bpointe dhá léigiún déag aingeal? Ach ansin cén chaoi a dtiocfadh na scríbhinní naofa isteach fíor, a deir go gcaithfeadh sé tarlú ar an mbealach seo?
Scéalaí: An uair sin dúirt Íosa leis an slua,
Íosa: An bhfuil sibh tagtha amach le claimhte agus maidí le mé a thógáil ar nós bithiúnach? Bhínn i mo shuí sa teampall ag teagasc lá i ndiaidh lae, agus níor thóg sibh mé. Ach tá an méid seo tarlaithe le go dtiocfadh scríbhinní na bhfáithe isteach fíor.
Scéalaí: Ansin thréig a chuid deisceabail ar fad é, agus ritheadar.
Iad seo a thóg Íosa, thug siad go dtí Caífas, an t-ard-shagart é, agus ba ina theach a bhí na scríobhaithe agus na ceannairí cruinnithe le chéile. Ach lean Peadar é, tamall siar uaidh, chomh fada le clós an ard-shagairt; agus chuaigh sé isteach agus shuigh sé in éindigh leis na gardaí go bhfeicfeadh sé cén deire a bheadh leis seo.
Anois bhí na príomh-shagairt agus an chomhairle uileag ag tóraíocht fianaise bhréige in aghaidh Íosa le go bhféadfaidís é a chur chun báis, ach ní bhfuaireadar aon cheo, cé gur tháinig go leor fianaisithe bréagacha os a gcomhair. Faoi dheire tháinig beirt os a gcomhair agus dúirt siad,
Fianaisithe: Dúirt an fear seo, ‘Tá mé in ann teampall Dé a leagan agus é a chur suas i dtrí lá.’
Scéalaí: D’éirigh an t-ard-shagart agus dúirt sé,
Ard-shagart: An bhfuil freagra ar bith agat? Céard faoi a bhfuil siad ag tabhairt fianaise i do aghaidh?
Scéalaí: Ach níor dhúirt Íosa tada. Ansin dúirt an t-ard-shagart leis,
Ard-shagart: Tá mé do do chur faoi bhrí na mionnaí os comhair an Dia beo, inis dúinn más tú an Críost, Mac Dé.
Scéalaí: Dúirt Íosa leis,
Íosa: Tá sé ráite agat. Ach tá mé ag rá leat, feicfidh sibh Mac an Duine amach anseo, ina shuí ar thaobh deas na Cumhachta, agus é ag teacht ar néalta neimhe.
Scéalaí: Ansin stróic an t-ard-shagart a chuid éadaigh agus dúirt sé,
Ard-shagart: Tá diamhasla déanta aige! Cén ghraithe atá againn de lucht fianaise níos mó? Tá a chuid diamhasla cloiste agaibh anois. Céard é bhur mbreithiúnas?
Scéalaí: D’fhreagair siad,
An slua: Tá an bás ag dul dó!
Scéalaí: Ansin chaith siad smugairlí leis san éadan agus bhuail siad é; agus bhí cuid acu ag tabhairt leidhcí dhó, ag rá,
An slua: Déan tairngreacht dúinn, a Chríost! Cé a bhuail thú?
Scéalaí: Anois bhí Peadar ina shuí taobh amuigh sa gclós. Tháinig cailín aimsire go dtí é agus dúirt sí,
Cailín: Bhí tusa thú fhéin in éindigh le Íosa an Gaililíoch.
Scéalaí: Ach shéan sé é os comhair gach a raibh ann, á rá,
Peadar: Níl fhios agam céard faoi a bhfuil tú ag caint.
Scéalaí: Nuair a chuaigh sé amach chomh fada leis an ngeata, chonaic cailín aimsire eile é, agus dúirt sí leis an dream a bhí thart ann,
Cailín: Bhí an fear seo in éindigh le Íosa as Nazaret.
Scéalaí: Shéan sé arís é agus mhionnaigh sé,
Peadar: Níl aithne ar bith agam ar an bhfear.
Scéalaí: Scaitheamh beag ina dhiaidh sin tháinig an dream a bhí thart
agus dúirt siad le Peadar,
An slua: Is cinte gur duine díobh tusa thú fhéin, mar tá do chanúint ag
déanamh scéil ort.
Scéalaí: Ansin thosaigh sé ag eascainí, agus mhionnaigh sé,
Peadar: Níl aithne ar bith agam ar an bhfear!
Scéalaí: Ag an nóiméad sin ghlaoigh an coileach. Ansin chuimhnigh
Peadar ar céard a bhí ráite ag Íosa: ‘Sul a nglaofaidh an coileach, séanfaidh tú mé trí h-uaire.’ Agus chuaigh sé amach agus chaoin sé deora goirte.
Nuair a bhí sé ina mhaidin, chuaigh na príomh-shagairt uileag agus ceannairí an phobail i gcomhairle le chéile in aghaidh Íosa mar shúil is go gcuirfí chun báis é. Cheangail siad é, thug siad chun bealaigh é, agus thug siad ar láimh é do Phíoláit, an gobharnóir.
Nuair a chonaic Giúdás, an té a bhrath é, go raibh Íosa daortha,
tháinig aiféala air agus thug sé ar ais na tríocha píosa airgid chuig na príomh-shagairt agus na ceannairí. Dúirt sé,
Giúdas: Rinne mé peaca is a rá gur bhrath mé fuil nach raibh ciontach.
Scéalaí: Ach dúirt siadsan,
An slua: Céard é sin dúinne? Breathnaigh ina dhiaidh thú fhéin.
Scéalaí: Chaith sé uaidh na píosaí airgid istigh sa teampall, agus d’imigh sé agus chroch sé é fhéin. Ach thóg na príomh-shagairt na píosaí airgid, agus dúirt siad,
An slua: Níl sé de réir an dlí iad a chur sa gciste, ós airgead fola iad.
Scéalaí: Tar éis dóibh dul i gcomhairle lena chéile, d’úsáid siad iad le garraí an chriadóra a cheannacht mar áit le strainséirí a chur. Sin é an fáth a dtugtar Garraí na Fola ar an ngarraí sin go dtí an lá inniu. An uair sin tháinig an méid a bhí ráite tríd an bhfáidh Jeremiah isteach fíor, ‘Agus thóg siad na tríocha píosa airgid, luach an té ar cuireadh luach air, an té ar chuir cuid de chlann Israel luach air, agus thug siad ar gharraí an chriadóra iad, mar d’ordaigh an Tiarna dom.’
Anois bhí Íosa ina sheasamh os comhair an ghobharnóra; agus
d’fhiafraigh an gobharnóir de,
Píoláit: An tú Rí na nGiúdach?
Scéalaí: Dúirt Íosa,
Íosa: Tá sé ráite agat.
Scéalaí: Ach nuair a bhí na príomh-shagairt agus na ceannairí á chúiseamh, níor fhreagair sé chor ar bith. Ansin dúirt Píoláit leis,
Píoláit: Nach gcloiseann tú an méid cúiseanna atá siad ag tabhairt i do
aghaidh?
Scéalaí: Ach níor thug sé aon fhreagra air, ar rud amháin fhéin, rud a chuir an-iontas ar an ngobharnóir.
Anois, ag an bhféile bhí sé de nós ag an ngobharnóir príosúnach a scaoileadh amach don slua, duine ar bith a thogróidís. Ag an am sin bhí príosúnach acu a raibh an-droch-cháil air, Barabbas an t-ainm a bhí air. Nuair a bhí siad cruinnithe, mar sin, dúirt Píoláit leo,
Píoláit: Cé acu atá sibh ag iarradh orm a scaoileadh saor, Barabbas nó
Íosa a dtugtar an Críost air?
Scéalaí: Mar bhí fhios aige go mba le teann éada a thug siad ar láimh dó é. Nuair a bhí sé ina shuí i gcathaoir an bhreithiúnais, chuir a bhean scéala chuige, ‘Ná bíodh tada le déanamh agat leis an bhfear cóir sin, mar tá mé gaibhte trí go leor inniu i ngeall ar bhrionglóid a bhí agam faoi.’ Anois chuir na príomh-shagairt agus na ceannairí ina luí ar an slua Barabbas a iarradh agus go gcuirfí Íosa chun báis. Dúirt an gobharnóir leo arís,
Píoláit: Cé acu den bheirt atá sibh ag iarradh orm a scaoileadh saor daoibh?
Scéalaí: Agus dúirt siad, ‘Barabbas.’ Dúirt Píoláit leo,
Píoláit: Céard a dhéanfaidh mé le Íosa a dtugtar an Críost air, mar sin?
Scéalaí: Dúirt siad uileag,
An slua: Céastar é!
Scéalaí: Ansin d’fhiafraigh sé,
Píoláit: Tuige, cén droch-rud atá déanta as bealach aige?
Scéalaí: Ach ba mhó ná sin a bhí siad ag béiceach,
An slua: Céastar é!
Scéalaí: Nuair ba léir do Phíoláit, mar sin, nach raibh sé in ann aon cheo a dhéanamh, ach go mba ghearr go mbeadh sé ina raic, fuair sé braon uisce agus nigh sé a lámha os comhair an tslua, á rá,
Píoláit: Níl mise ciontach i bhfuil an fhir seo; breathnaigí ina dhiaidh sibh fhéin.
Scéalaí: Ansin d’fhreagair na daoine uileag,
An slua: Bíodh a chuid fola orainne agus ar ár gclann!
Scéalaí: Scaoil sé amach Barabbas dóibh, mar sin, agus tar éis dó Íosa a
sciúrsáil, thug sé suas é le céasadh.
Ansin thug saighdiúirí an ghobharnóra leo Íosa isteach in ard-chúirt an ghobharnóra, agus bhailigh siad a raibh de shaighdiúirí ann thart timpeall air. Bhain siad de a chuid éadaigh agus chuir siad clóca corcra air, agus tar éis dóibh gad a dhéanamh de roinnt driseacha a ndearna siad coróin de, chuir siad ar a chloigeann í. Chuir siad maide giolcaí ina láimh dheas agus chuaigh siad ar a nglúine os a chomhair agus iad ag magadh faoi, á rá,
Saighdiúirí: Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!
Scéalaí: Chaith siad smugairlí leis, agus thóg siad an maide giolcaí agus
bhuail siad ar an gcloigeann é. Nuair a bhí ceap magaidh déanta acu de, bhain siad de an clóca agus chuir siad air a chuid éadaigh fhéin. Ansin thug siad chun bealaigh é le é a chéasadh.
Nuair a bhí siad ag dul amach, casadh fear as Ciréine leo a raibh Síomón air; chuir siad faoi ndeara don fhear seo a chrois a iompar. Agus nuair a shroich siad áit a dtugtar Galgata air (Áit an Chloiginn an chiall atá leis), thairg siad fíon dó le n-ól agus é measctha le domlas; ach nuair a bhlais sé é, ní ólfadh sé é. Agus nuair a bhí sé céasta acu, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainnte; ansin shuigh siad síos san áit agus choinnigh siad súil air. Os cionn a chloiginn chuir siad an chúis a bhí ina aghaidh, ‘Seo é Íosa, Rí na nGiúdach.’ Ansin céasadh beirt robálaithe in éindigh leis, duine ar a thaobh deas agus duine ar a thaobh clé. Iad seo a bhí ag dul an bealach, bhí siad ag magadh faoi, ag croitheadh a gcloigeann agus ag rá,
An slua: Tusa a bhí leis an teampall a leagan agus é
sábháil tú fhéin! Más tú Mac Dé, tar anuas den chrois.’
Scéalaí: Ar an gcaoi chéanna, bhí na príomh-shagairt iad fhéin, chomh maith leis na scríobhaithe agus na ceannairí, ag magadh faoi, ag rá,
An slua: Shábháil sé daoine eile; níl sé in ann é fhéin a shábháil. Sé Rí Israel é; tagadh sé anuas den chrois anois, agus creidfidh muid ann. Tá a mhuinín i nDia; sábháladh Dia anois é má thograíonn sé; mar dúirt sé, ‘Is mé Mac Dé.’
Scéalaí: Na robálaithe a bhí céasta in éindigh leis, bhí siad ag baint as ar
an gcaoi chéanna.
Ó mheán lae amach, tháinig dorchadas ar an talamh uileag go dtí an trí a chlog. Agus thart ar an trí, ghlaoigh Íosa amach os ard,
Íosa: Elí, Elí, lema sabachtaní,
Scéalaí: sin le rá, ‘A Dhia, a Dhia, tuige ar thréig tú mé.’ Nuair a chuala cuid den dream a bhí ina seasamh thart ann é, dúirt siad,
An slua: Tá an fear seo ag glaoch ar Elijah.
Scéalaí: Rith duine acu ar an bpointe go bhfuair sé spúinse, líon sé é le fíon a bhí géaraithe, chuir sé ar mhaide é, agus thug sé dó é le n-ól. Ach dúirt an chuid eile,
An slua: Fan, feiceadh muid an dtiocfaidh Elijah le é a shábháil.
Scéalaí: Ansin ghlaoigh Íosa amach os ard arís, agus tharraing sé a anáil
dheireanach.
D’fhéadfadh sos beag a bheith anseo.
Ag an nóiméad sin stróiceadh brat an teampaill ina dhá leith,
ó bharr go bun. Chroith an talamh, agus scoilteadh na carraigeacha. Osclaíodh na tuamaí freisin, agus tógadh go leor de choirp na naomh a bhí titithe ina gcodladh. Tar éis dó éirí ó na mairbh tháinig siad amach as na tuamaí agus chuaigh siad isteach sa gcathair naofa agus chonaic go leor daoine iad. Anois an taoiseach céad agus iad seo a bhí in éindigh leis, nuair a chonaic siad an crith talún agus an méid a bhí tarlaithe, bhí siad líonraí leis an bhfaitíos agus dúirt siad,
Saighdiúirí: Go deimhin fhéin, ba é an fear seo Mac Dé!
Scéalaí: Bhí go leor mná ansin freisin, agus iad ag faire píosa uaidh; bhí siad tar éis Íosa a leanacht as Gaililí agus bhídís ag tabhairt riar a cháis dó. Ina measc bhí Máire Mhaigdiléana, agus Máire máthair Shéamais agus Sheosaimh, agus máthair chlann Zebede.
Nuair a bhí sé ina thráthnóna, tháinig fear saibhir as Arimatéa a
raibh Seosamh air. Bhí seisean é fhéin ina dheisceabal ag Íosa.
Chuaigh sé go dtí Píoláit agus d’iarr sé corp Íosa air; ansin d’ordaigh Píoláit é a thabhairt dó. Thug Seosamh leis an corp, mar sin, agus d’fhill sé i línéadach glan é, agus chuir sé ina thuama nua fhéin é, a bhí gearrtha sa gcarraig aige. Ansin bhrú sé cloch mhór mhillteach i mbéal an tuama agus d’imigh sé. Bhí Máire Mhaigdiléana agus an Máire eile ann, ina suí os comhair an tuama.
Lá arna mhárach, sin le rá, an lá tar éis bheith ag réiteach,
chruinnigh na príomh-shagairt agus na Fairisínigh os comhair
Phíoláit agus dúirt siad,
An slua: A dhuine uasail, is cuimhneach linn céard a dúirt an bréagadóir seo nuair a bhí sé fós beo, ‘Tar éis trí lá, éireoidh mé arís.’ Ordaigh, mar sin, go gcuirfí an tuama sa gcaoi is nach bhféadfaí briseadh isteach inti go dtí an tríú lá; sin nó d’fhéadfadh a chuid deisceabail dul agus
é a ghoid, agus a rá leis na daoine, ‘Tá sé tógtha ó na mairbh,’ agus bheadh an dallamullóg deire níos measa ná an chéad cheann.
Scéalaí: Dúirt Píoláit leo,
Píoláit: Tá garda saighdiúirí agaibh; téigí agus déanaigí an áit slán sábháilte chomh maith is atá sibh in ann.
Scéalaí: D’imigh siad agus an garda acu, mar sin, agus chuir siad séala ar an gcloch sa gcaoi is nach bhféadfaí briseadh isteach sa tuama.