Fáilte go Paróiste Bhearna & na bhForbacha

ChurchPlayerJPG

Click on the Image to view Live broadcasting for Barna Masses
Mon,Wed,Thurs,Fri: 10am
Saturday: 6:30pm, Sunday:12pm

FurboTVJPG

Click on the Image to view Live broadcasting for Furbo Masses Tuesday: 10am, Sundays: 10am

Information / Sonraí

  • Parish Priest / Sagart Paróiste: an t-Ath Micheál Ó Braonáin
  • Mobile: 086-8338878 / Email: miclbrennan3@gmail.com
  • Parish Secretary:Joan Concannon  087-2138999
  • Parish Office/Oifig an Paróiste: (091)590956 10am-2pm, Mon-Fri
  • Radio FM 106.6 (signal not available in every part of the parish).
  • Barna live broadcast: https://www.churchtv.ie/barna/
  • Furbo live broadcast:  https://www.churchtv.ie/furbo/
  • Readings: click here for today; click here for next Sunday
  • Léachtaí as Gaeilge - an lá inniu; an Domhnach

Child Safeguarding Statement for
Diocese of Galway, Kilmacduagh & Kilfenora
Family_spng

AN CEATHRÚ DOMHNACH DEN CHÁISC B

Sliocht as Gníomhartha na nAspal - 4:8-12

Dúirt Peadar, agus é lán leis an Spiorad Naomh, ‘Sibh-se atá ag rialú na ndaoine agus in bhur gceannairí, má tá muide dár gceistiú inniu i ngeall ar chomaoin a chur ar dhuine a bhí tinn, faoin gcaoi ar leigheasadh é, bíodh fhios agaibh uileag, agus ag muintir Israel uileag, go bhfuil an fear seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte trí ainm Íosa Críost as Nazaret, an té a chéas sibh-se, agus a thóg Dia ó mhairbh. Sé Íosa seo “an chloch ar chuir sibh-se, na saoir, suas dó; tá cloch choirnéil déanta de.” Níl slánú in aonduine eile, mar níl aon ainm eile faoin spéir tugtha do dhaoine atá in ann muid a shlánú.’

Sin é Briathar Dé.


Sliocht as céad litir Naomh - Eoin 3:1-2

Féachaigí an grá a thug an tAthair dúinn, go dtabharfaí clann Dé orainn, agus sin é atá ionainn. Sé an fáth nach n-aithníonn an saol muid mar nár aithnigh sé eisean. A chlann ó, is muid clann Dé anois; níl fios tugtha fós ar an gcaoi a mbeidh muid. Séard atá fhios againn ná seo: nuair a bheidh léargas faighte air, beidh muid cosúil leis, mar feicfidh muid é mar atá sé.

Sin é Briathar Dé.

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin - 10:11-18

Dúirt Íosa:

‘Is mise an tréadaí maith.

Tugann an tréadaí maith suas a shaol ar son a chuid caoire.

An fear oibre, nach é an tréadaí é agus nach leis na caoire,

feiceann sé an madra allta ag teacht,

agus fágann sé na caoire ansin agus ritheann sé,

agus sciobann an madra allta iad agus scaipeann sé iad.

Ritheann an fear oibre mar gur cuma leis faoi na caoire.

Is mise an tréadaí maith.

Aithním mo chuid fhéin agus aithníonn mo chuid fhéin mé,

díreach mar a aithníonn an tAthair mise

agus go n-aithním-se an tAthair.

Agus tá mé ag tabhairt mo shaol ar son mo chuid caoire.

Tá caoire eile agam nach mbaineann leis an ngarraí seo.

Ní foláir dom iad sin a bhailiú liom chomh maith,

agus éistfidh siad le mo ghlór.

Agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon tréadaí amháin.

Sin é an fáth a bhfuil grá ag an Athair dom,

mar go bhfuil mé ag tabhairt suas mo shaol lena thógáil ar ais arís.

Níl aon duine dá bhaint díom,

ach tá mé á thabhairt suas uaim fhéin.

Tá sé de chumhacht agam é thabhairt suas,

agus tá sé de chumhacht agam é thógáil ar ais arís.

Fuair mé an t-ordú seo ó m’Athair.’

Soisceál Dé.